Cuntas ar an oilean ó thús go deireadh. Rudaí a fuarthas ar an oileán a thug le fios do na daoine go raibh daoine ina gcónaí ar an oileán fadó a bhí ag bráth ar an fharraige. Fuarthas cloch nach b’é ón oileán fosta. Clann Mhic Suibhne an chéad dream a chur futhu ar an oileán agus bhí siad beo ar an talamh agus préataí is mó. Ní raibh portaigh ar bith ar an oileán ach fuair siad portaigh ar an tír mór, bhí obair chrua acu le déanamh ansin leis an mhóin a thabhairt chun an oileáin. Bhí áit cruaiche ag achan duine.
Bhítí ag déanamh poitín ar an oileán fosta. D’imigh cuid mhór de lucht an oileáin go Meiriceá.
Bhíodh cuid mhór iascaireachta ar siúl fosta, iascairacht gliomaigh.
Bhí cuid mhór beithígh acu leis an obair throm a dhéanamh, 28 acu, agus dhá uair sa bhliain, ag rabhartach na Feil Pádraig agus rabhartach na Feil Muire san Fhómhar, théadh na beithígh amach an Clochán go tír mór i lár an lae le crúite a fháil orthu agus isteach an oileáin arís ag meán oíche agus cailleadh traidhfil acu an dóigh sin fosta. D’fhág an beithíoch deireannach an oileán sna seachtóidí.
Ó thaobh cúrsaí creidimh de bhí baint ag Naomh Colm Cille aguis Naomh Colmán leis an oileán. Chaitheadh na daoine teacht amach go Gort an Choirce le dul chun an Aifrinn, an bád a fháil ón oileán go Machaire Uí Rabhartaigh ar dtús agus ar ais.
Bhíodh scoil sna tithe ann gur tógadh an scoil in 1895, thosaigh na daoine dul na scoile ag 12 bliana d’aois agus faoi láimh an Easpaig ag corradh agus 20 bliain.
Bhíodh an scéalaíocht go mór mar chaitheamh aimsire acu. Bhíodh siad ag imirt cártaí agus ag damhsa chomh maith.
Thagadh báid ó Thoraigh, Inis Meáin agus Gabhla corr uair chuig na damhsaí dá mbíodh an aimsir maith.
Tá athrach mhór ar achan rud anois, tá siad uilig imithe go tír mór ach creideann Dinny, é féin go dtiocfaidh athrach ar rudaí arís. | 00:07:48 | |